
Sheol an Comhlacht litir chuig Príomhfheidhmeannach an Chomhairle Contae mar gur thug an Comhlacht faoi deara gur gearradh siar go mór ar uaireanta oscailte Leabharlann an Spidéil go 10 uair a chloig sa tseachtain.
Is áis thar a bheith tábhachtach í an Leabharlann do phobal an Spidéil agus Chois Fharraige ar fad. Mar sin, is cúis imní é do go leor daoine go bhfuil laghdú ar an tseirbhís luachmhar seo.
D’iarr an Comhlacht ar an bhPríomhfheidhmeannach:
- A dheimhniú nach ndúnfar an Leabharlann go buan.
- Go gcuirfí an pobal ar an eolas faoin gcúis a bhfuil na huaireanta oscailte gearrtha siar.
- Cé na pleananna atá ag an gComhairle Contae chun gnáthuaireanta oscailte a chur ar fáil arís.
Coinneoidh muid ar an eolas sibh.