Tionscadail Reatha

Forbairt na fiontraíochta ⁊ na fostaíochta agus fiontraíocht shóisialta

  • Athstruchtúrú an Chomhlachta.
    • Beagnach curtha i gcrích ✔
    • Tá Bunreacht an Chomhlachta athscríofa go hiomlán.
    • Bunaíodh roinnt fochoistí oibre nua agus tá toradh a gciuid oibre le feiceáil:
      • Bhain Coiste na mBailte Slachtmhara an dara háit sa gContae amach sa gcomórtas i mbliana; an áit is airde a fuair an Spidéal riamh.
      • Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag déanamh obair chothabhála agus athchóirithe suntasach sa gceantar feidhme de thoradh stocaireachta dearfaí, cuimsithí a rinne Stiúrthóirí an Chomhlachta Forbartha.
    • Feidhmeannach forbartha a fhostú an chéad chéim eile san athstruchtúrú seo. Tá sé seo á phlé le hÚdarás na Gaeltachta faoi láthair.
  • Plean gnímh cúig bliana don cheantar feidhme.
    • Idir lámha ✔
  • An pobal gnó a thabhairt le chéile chun leas a bhaint as a gcuid fuinnimh ar maithe le sráidbhaile an Spidéil.
    • Idir lámha ✔
    • Tá roinnt gnónna ceaptha ar chuid de na fochoistí.
    • Tá cuid acu ag tabhairt urraíochta don Chomhlacht.

Forbairt na turasóireachta cultúrtha ⁊ pobail agus áiseanna caithimh aimsire

  • Suíomh idirlín an Chomhlacht Forbartha, anspidéal.ie, a uasghradú.
    • Idir lámha ✔
    • Tá maoiniú faighte agus tús curtha leis an obair.

An cultúr, na healaíona ⁊ an Ghaeilge agus an Phleanáil Teanga

  • An Ghaeilge sa Spidéal
    • Idir lámha ✔
    • Tá comhoibriú aontaithe idir an Comhlacht Forbartha agus Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga.
    • Tá an Fóram ag tabhairt tacaíochta agus roinnt maoinithe dúinn chun polasaí Gaeilge a fhorbairt don Chomhlacht agus chun an teanga a bhuanú sa gceantar feidhme.

Obair nach raibh mar chuid de phlean oibre aontaithe 2022

  • Campas Choláiste Connacht
    • Idir lámha ✔
    • Tá an Comhlacht Forbartha lárnach, thar cheann an phobail, sa bpróiseas idirbheartaíochta le go bhféadfar campas Choláiste Chonnacht a bheith ar fáil mar áis pobail.
  • Clochar Éinde
    • Idir lámha ✔
    • Tá an Comhlacht Forbartha tosnaithe ar fheachtas chun Clochar Éinde a cheannach ar son an phobail.
Scroll to Top