Turasóireacht

Ceantar láidir turasóireachta é Ceantar an Spidéal agus tá go leor againn le tairiscint don turasóir cultúrtha.

An Ghaeilge

An Ghaeilge, mar theanga pobail, an rud is túisce a ritheann chugat nuair a luaitear An Ghaeltacht. Ceantar fíor-Ghaeltachta é Ceantar an Spidéil: labhraíonn thart ar 70% den phobail Gaeilge ar bonn laethúil. An Spidéal an chéad tsráidbhaile a bhaintear amach ar an mbóthar siar go Gaeltacht Iarthar na Gaillimhe.

Tá an teanga agus an cultúr traidisiúnta fite-fuaite le saol na ndaoine, ach is leithne é an cultúr sin ná teanga agus ceol – is cuid den chultúr scríbhneoireacht, filíocht, seanchas agus drámaíocht, i dteannta rudaí níos ‘feidhmiúla’ ar nós iascaireachta, feirmeoireachta, sábháilt mhóna agus mar sin de.

Is sa Spidéal atá Oifig an Choimisinéara Teanga lonnaithe, dár ndóigh.

Lógó an Choimisinéara.
An Coimisinéar Teanga

Ceol

Tá traidisún láidir ceoil sa Spidéal. Ach i dteannta traidisiún an cheoil ar lic a’ teallaigh tá ranganna foirmeálta dá gcur ar fáil ag an Gaelacadamh d’fhoghlaimeoirí le blianta fada. Bíonn neart ceoil le cloisteáil i dtithe tábhairne na háite dár ndóigh, agus le linn féilte bliantúla samhraidh ar nós Éigse an Spidéil, Seachtain Ceoil Chois Fharraige agus Traidphicnic.

Amhránaíocht

Tá traidisiún amhránaíocht ar an sean-nós go láidir anseo freisin, agus neart fonnadóirí, idir óg agus aosta, sa bpobal. Tá canadh agus ceadail ag treisiú freisin, ag Cór Chois Fharraige (daoine fásta). Bíonn córacha éagsúla le clos go rialta i séipéil an cheantair.

Béaloideas

Tá feachtas mór ar bun le roinnt blianta le seanchas, béaloideas agus scéalaíocht a bhailiú ó phobal na háite; an chuid is sine go háirid.

Logainmneacha

Dlúthchuid de chultúr aon cheantar a chuid logainmneacha. Tá Coiste na Logainmneacha ag bailiú eolais ar an ábhar seo, agus á chur i dtoll a chéile.

Iascaireacht

Tá traidisiúin iascaireacht mara anseo. Déantar go leor iascaireacht ón gcladach i rith an tsamhraidh agus go leor iascaireachta ar bháid bheaga i rith na bliana. Amach ón dá chéibh atá sa Spideál a théann formhór na mbád seo.

Scroll to Top