Tionscadail a Cuireadh i gCrích

Forbairt na fiontraíochta ⁊ na fostaíochta agus fiontraíocht shóisialta

  • Láthair do Chomhlacht Forbartha an Spidéil a chur ar fáil don Phobal
    • Déanta ✔
    • Tá an pobal ag úsáid na n‑áiseanna seacht lá na seachtaine.

Forbairt na turasóireachta cultúrtha ⁊ pobail agus áiseanna caithimh aimsire

  • Céibheanna an Spidéil a athchóiriú.
    • Déanta ✔
    • Theastaigh seo le go mbeadh siad ar fáil mar achmainní turasóireachta, iascaireachta agus caithimh aimsire do do mhuintir na háite agus do chuairteoirí.
  • Coiste Turasóireachta an Spidéil a bhunú.
    • Déanta ✔
    • Ceapadh Kevin McGowan mar Chathaoirleach.
    • Beidh an coiste ag dul i mbun gnímh ag tús 2023.

Soláthar seirbhísí oideachais ⁊ oiliúna don phobal

  • Cúrsaí Seoltóireachta 2022.
    • Déanta ✔
    • Líonadh na cúrsaí seo i 2022.
    • Reáchtáilfear tuilleadh acu i rith Shamhradh 2023.

Obair nach raibh mar chuid de phlean oibre aontaithe 2022

  • Lonnú soilse ar Chois Caoláire, an cosán siúilóide cois cósta.
    • Déanta ✔
  • Ceol sa tsráidbhaille.
    • Déanta ✔
    • Tá séisiúin cheoil tosnaithe arís i dtrí ionad éagsúil ar an tsráidbhaile.
  • Dealbh Mháirtín Uí Chadhain.
    • Déanta ✔
    • Bhí an Comhlacht Forbartha lárnach i seoladh na deilbhe, atá lonnaithe ar an Airdín Buí, i Samhradh 2022.
    • An Comhlacht Forbartha a d’eagraigh an ócáid nochtaithe.

 

Scroll to Top