Le os cionn bliain anuas tá Bord an Chomhlachta ag obair ar athstruchtúrú straitéiseach leis an gComhlacht a chur ar bhonn láidir inbhuanaithe ar feadh na mblianta atá le teacht.

An sprioc is mó a bhí ag an obair seo ná múnla a chruthú a thabharfadh deis don phobal a bheith lárnach in obair an Chomhlachta agus a thabharfadh deis don phobal an Comhlacht a úsáid mar bhealach le dul chun cinn agus forbairt a spreagadh sa gceantar feidhme.
Is dhá shampla den mhúnla seo ná Coiste na mBailte Slachtmhara agus An Coiste Turasóirechta; fo‑choistí de chuid an Chomhlachta.
Tá Coiste na mBailte Slachtmhara faoi cheannaireacht Breda Hughes agus rinne siad obair den scoth leis an dara áit sa gcontae a bhaint amach i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara i 2022.
Is é Kevin Mac Gabhann atá i gceannas ar an gCoiste Turasóireachta agus b’iad a chuir Paráid Lá’l Phádraig ar siúl i mbliana. Mheall an pharáid na sluaite isteach chuig an tsráidbhaile agus cuireadh an‑bheocht ar ais inti don Fhéile.
Tá an Comhlacht ag earcú Bainisteoir Ginearálta faoi láthair. Táthar ag súil go líonfar an post faoi dheireadh mhí Aibreáin.
Is mór ag an gComhlacht an tacaíocht atá á tabhairt ag Údarás na Gaeltachta leis an athstruchtúrú tábhachtach seo a chur i gcrích.